Réamhrá – Scileanna Digiteacha
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá – Scileanna Digiteacha
- Soláthraithe Oideachais
- Soláthraithe Scileanna Digiteacha
Tá infhaighteacht oiliúna/scileanna an-tábhachtach. Is uirlis í an nascacht agus gan na scileanna cearta ní bhainfear úsáid iomlán as an uirlis seo.
Mar údarás áitiúil, cuirfimid soláthraithe na hoiliúna agus na gcúrsaí sin chun cinn trína gcuid imeachtaí a fhógairt ar líne, trí láithreán gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe a thabharfar cothrom le dáta go rialta maidir le himeachtaí agus cúrsaí digiteacha atá le teacht.
Déanfaimid iarracht oiliúint a chur chun cinn do dhaoine de gach aois agus cúlra agus daoine a bhfuil leibhéil éagsúla taithí roimhe seo acu ar ríomhairí.
Áireofar orthu sin:
- Cúrsaí arna maoiniú ag an Rialtas ar nós Scileanna Digiteacha don Scéim Saoránach, an Clár Scileanna don Obair agus scileanna TF d’fheirmeoirí.
- Cúrsaí oiliúna digití ar líne trí bhallraíocht leabharlainne a chuimsíonn catalóg d'os cionn 500 cúrsa ar líne lena n-áirítear ióga, grianghrafadóireacht dhigiteach, buneilimintí ríomhaireachta, excel, cuntasaíocht, forbairt gréasán agus go leor eile. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe soláthraithe cúrsaí scileanna chun cinn trí mheáin éagsúla roimhe seo, ach táimid ag tabhairt an chur chun cinn seo anois trí thairseach lárnach bolscaireachta do scileanna ar ár leathanach gréasáin um Straitéis Dhigiteach.
Mar sholáthraí cúrsa, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís seo trí ríomhphost a sheoladh chuig broadbandofficer@galwaycoco.ie.
Leanfaidh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú leis na soláthraithe oiliúna trí fhaisnéis a sholáthar ar líne trínár leathanach gréasáin straitéise digití de na háiseanna agus an trealamh atá ar fáil inár leabharlanna poiblí agus BCPanna chun tacú le soláthraithe cúrsaí, rud a chumasóidh níos mó cúrsaí a reáchtáil go háitiúil.
Tacóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le comhlachtaí stáit agus réigiúnacha le cúrsaí, feachtais oiliúna agus faisnéise a chur chun cinn maidir le scileanna digiteacha.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte